An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"

Content deleted Content added
Líne 56:
 
Ba í an Mheán-Sínis an cineál Sínise a bhí á cleachtadh sna blianta ón séú go dtí an deichiú haois AD (is é sin, timpeall ar ré na Sean-Ghaeilge). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Mheán-Sínis Mhoch (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Qiēyùn'' (601 AD)) agus an Mheán-Sínis Dheireanach (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Guǎngyùn'' ón deichiú haois). Mura bhfuil na teangeolaithe ach ag tuairimíocht faoi fhuaimeanna na Sean-Sínise, tá siad níos eolaí ar an Meán-Sínis. Na leideanna atá acu tagann siad ó fhoinsí éagsúla: na canúintí comhaimseartha, na foclóirí rímeanna, na traslitrithe a rinne daoine ón gcoigríoch, na táblaí rímeanna a chuir sean-fhocleolaithe na Síne féin i dtoll le chéile le hachoimre a thabhairt ar chóras fuaimeanna na teanga, agus aistriúcháin fuaimbhunaithe na bhfocal coimhthíoch. Mar sin féin, níl in iarrachtaí na dteangeolaithe ach tuairimí agus teoiricí. Tá sé ráite ag scoláirí áirithe nach bhféadfaí fuaimchóras na Cantainise a atógáil ach ar éigean, mura mbeadh d'fhianaise ach na rímeanna ón bpopcheol Cantainise, nó an ''Cantopop''.
 
Scéal casta é forbairt na gcanúintí labhartha ó thús ama go dtí an lá inniu. An chuid is mó de na Sínigh ó oirthuaisceart (an Mhanchúir) go hiardheisceart (Yunnan) na tíre, cineálacha Mandairínise a labhraíonn siad sa bhaile. Is iad machairí móra an Tuaiscirt a rinne canúint chomh fairsing den Mhandairínis. I ndeisceart agus i lár na Síne áfach tá an tír stróicthe as a chéile ag sliabhraonta agus ag abhainneacha rud a fhágann go raibh na canúintí in ann dul in an-éagsúlacht ansin.
 
== Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile ==