An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

no edit summary
 
Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, ''Tríocha Píosa Airgid'', sa bhliain [[1942]], agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le ''Na Mairbh a d'Fhill'' an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire [[Réics Carló]] agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile aige freisin, faoi shirriam in [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin Mheiriceá]], Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain [[1953]] agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhís ina oifigeach custaim. Fuair sé bás an [[18 Feabhra]], [[1996]]. Scríobh sé úrscéal Béarla ''Bullets are Trumps'' sa tsraith i dtaobh [[Sexton Blake]], bleachtaire.
 
 
Bhí sé pósta ar Mháire McGeown as [[Ard Mhacha]] agus bhí ceathrar clainne acu.
 
== Roinnt saothar leis ==
:''(Library of Congress, Washington, DC)''
 
* ''Buachaillí Chluain Éanna'' 1952)
* ''Cailíní Chluain Éanna agus fear an chlóca dhuibh'' (1954)
* ''Bullets are Trumps'' i sraith Sexton Blake.
 
== Naisc Sheachtrachasheachtracha ==
 
* [http://www.cathalosandair.com/ CathalOSandair.com]
== Naisc Sheachtracha ==
* http://www.cathalosandair.com/
 
{{DEFAULTSORT:Sandair, Cathal O}}