An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) No edit summary |
|||
Líne 47:
== Stair na Sínise ==
Glacann lucht na
Níl na scoláirí ar aon bharúil i leith fhorbairt stairiúil na Sínise, ach go ginearálta, bíonn siad i dtuilleamaí an tuiscint a bhí ag Bernhard Karlgren, an Síneolaí Sualannach, ar an scéal i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]].
Is í an chéad ré i stair na Sínise ná an tSean-Sínis, is é sin an cineál Sínise a bhí in úsáid sna blianta 1122-256 RC, is é sin, i dtús agus faoi lár na ré a ainmnítear as Rítheaghlach Zhou. Na téacsanna atá ar fáil ón ré seo, is inscríbhinní ar dhéantúsáin chré-umha iad chomh maith leis an díolaim sheanfhilíochta ''Shījīng'', an díolaim seandoiciméad ''Shūjīng'', agus cuid den díolaim rúndiamhrachtaí ''Yìjīng (I Ching)'' ("Leabhar na nAthruithe").
Tá cuid mhór leideanna san ábhar seo don dóigh a bhfuaimníti an teanga san am sin, agus is féidir a lán eolais a bhaint as na focail iasachta i dteangacha an réigiúin, ar nós na [[An Vítneaimis|Vítnimise]] agus na
Ba í an Mheán-Sínis an cineál Sínise a bhí á cleachtadh sna blianta ón séú go dtí an deichiú haois AD (is é sin, timpeall ar ré na [[Sean-Ghaeilge]]). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Mheán-Sínis Mhoch (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Qiēyùn'' (601 AD)) agus an Mheán-Sínis Dheireanach (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Guǎngyùn'' ón deichiú haois). Mura bhfuil na teangeolaithe ach ag tuairimíocht faoi fhuaimeanna na Sean-Sínise, tá siad níos eolaí ar an Meán-Sínis. Na leideanna atá acu tagann siad ó fhoinsí éagsúla: na canúintí comhaimseartha, na foclóirí rímeanna, na traslitrithe a rinne daoine ón gcoigríoch, na táblaí rímeanna a chuir sean-fhocleolaithe na Síne féin i dtoll le chéile le hachoimre a thabhairt ar chóras fuaimeanna na teanga, agus aistriúcháin fuaimbhunaithe na bhfocal coimhthíoch. Mar sin féin, níl in iarrachtaí na dteangeolaithe ach tuairimí agus teoiricí. Tá sé ráite ag scoláirí áirithe nach bhféadfaí fuaimchóras na Cantainise a atógáil ach ar éigean, mura mbeadh d'fhianaise ach na rímeanna ón bpopcheol Cantainise, nó an ''Cantopop''.
Scéal casta é forbairt na gcanúintí labhartha ó thús ama go dtí an lá inniu. An chuid is mó de na Sínigh ó oirthuaisceart ([[an Mhanchúir]]) go hiardheisceart (Yunnan) na tíre, cineálacha Mandairínise a labhraíonn siad sa bhaile. Is iad machairí móra an Tuaiscirt a rinne canúint chomh fairsing den Mhandairínis. I ndeisceart agus i lár na Síne áfach tá an tír stróicthe as a chéile ag sliabhraonta agus ag abhainneacha rud a fhágann go raibh na canúintí in ann dul in an-éagsúlacht ansin.
Roimh lár na fichiú haoise ní bhíodh mórán cur amach ag lucht labhartha na gcanúintí Deisceartacha ach ar an gcineál Sínise a bhí acu féin ó dhúchas. Ba í Nanjing príomhchathair na Síne i luathbhlianta Rítheaghlach Ming, agus mar sin ba í Mandairínis Nanjing a chuaigh i bhfairsinge mar theanga ardchéime agus níor tháinig athrú air sin roimh bhlianta deireanacha Rítheaghlach Qing. Ón tseachtú haois déag ar aghaidh, áfach, thosaigh Rítheaghlach Qing scoileanna ceartfhuaimnithe (正音书院/正音書院; ''Zhèngyīn Shūyuàn'') lena chinntiú go mbeadh fuaimniú na teanga oifigiúla ag cloí le fuaimeanna chanúint Beijing, arbh í an phríomhchathair í anois. Ní raibh an fuaimniú caighdeánaithe ag dul chun cinn ach i measc na státseirbhíse, áfach, nó chloígh na sluaite síoraí lena gcanúintí féin.
Níor athraigh na cúrsaí ach timpeall ar lár na fichiú haoise. Ansin, chuir an dá Shín - an Daonphoblacht, is é sin an tSín Chumannach, agus [[Poblacht na Síne]], mar atá, [[an Téaváin]] - córas náisiúnta scoileanna ar bun le Mandairínis a theagasc don chosmhuintir. Is é is toradh dó seo ná go bhfuil Mandairínis chaighdeánach ag uasal agus ag íseal ar fud an dá Shín: ní bhíonn ach seandaoine i dtuilleamaí a gcanúna féin. Maidir le Hong Cong, ba í an Chantainis caint na ndaoine ansin riamh, agus inniu féin tá stádas láidir aici san oideachas, ach sa bhliain 1997 chuaigh an áit ó lámh na Breataine Móire go lámh na Daonphoblachta, agus ó shin i leith tá tábhacht na Mandairínise ag dul i méadaíocht.
Ba í an tSínis Chlasaiceach francbhéarla (teanga na comhchumarsáide) i dtíortha an réigiún - [[an tSeapáin]], [[an Chóiré]] agus [[Vítneam]] - go dtí gur tháinig ré na gcumhachtaí coilíneacha Eorpacha sa naoú haois déag. Ba í an tSínis teanga na dtaifead oifigiúil i Vítneam go dtí gur shealbhaigh na Francaigh an tír lena dteanga féin a chur in áit an údaráis.
== Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile ==
|