An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 27:
 
Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnnach.<ref>‘gleo agus bruín agus éad’ lch 7, Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002.</ref>
Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann, is ba mhinic é ag coimhlint le [[Fianna Fáil]] is [[Fine Gael]] i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach. <ref>Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 13.</ref> <ref> Breathnach, Diarmuid, agus Ní Mhurchú, Máire, ‘1882-1982 Beatháisnéis 4’ lch 85, Máirtín Ó Cadhain, An Clóchomhar Teo, BÁC.</ref> Chuir sé troid orthu siúd agus ar an [[Language Freedom Movement]] ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh. <ref>Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 234. (Language Freedom Movement (Gluaiseacht Saoirse Teanga as Gaeilge) - gluaiseacht frithghaeilgeoireachta)</ref> Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh se ina aistritheoir cáipéisí dlí don [[Oireachtas]] ón mbliain [[1947]] go dtí [[1956]]. Sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil. Sna [[1930]]dí bhí lámh aige san fheachtas a chuir [[Nua-Ghaeltacht]] ar bun i [[Ráth Cairn]] na [[Mí]].
 
==Saol==