An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
→‎Saol: Nóta maidir lena sheal i Londain
Líne 23:
Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i n[[Gaillimh]] sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháir aige, Isaac agus Michael. Tar éis teip a ghnó sa chathair, chuaigh a athair ar eisimirce go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus cailleadh é ann go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus mar thoradh bhí ar na dílleachtaí óga dul chun chónaí lena n-uncail Patrick Conroy i [[Ros Muc]]. D'fhreastail Pádraic ar an scoil i d[[Turlach Beag]], sular bhog sé ar aghaidh go dtí [[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]].
 
Bhog sé go Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach i Bord Oideachais na tíre seo, agus chuir sé suim mhór i gcúrsaí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.
Cé go raibh post mar státseirbhíseach aige sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] ar feadh tamaill, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid ar a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna [[Gaeltacht|Gaeltachtaí]] anois is arís.
 
Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr [[diftéire]]. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann.