An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
Múinteoir leis, is dóigh
mNo edit summary
Líne 7:
| dáta_báis = [[6 Deireadh Fómhair]], [[1928]]
| áit_bháis = [[Baile Átha Cliath]]
| ainm_cleite = Ceann ar bith
| náisiúntacht = Éireannach
| gairm = Úrscéalaí, gearrscéalaí, scríbhneoir aistí, múinteoir
| seánra = Ficsean
| duaiseanna =
| céile = Molly Ní Mhanais
| síniú =
| líonláithreán =
Líne 21:
 
== Saol ==
Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i n[[Gaillimh]] sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháir aige, Isaac agus Michael. Tar éis teip a ghnó sa chathair, chuaigh a athair ar eisimirce go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus cailleadh é ann go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus mar thoradh bhí ar na dílleachtaí óga dul chun chónaí lena n-uncail Patrick Conroy i [[Ros Muc]]. D'fhreastail Pádraic ar an scoil i d[[Turlach Beag]], sular bhog sé ar aghaidh go dtí [[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]] (áit ina raibh [[Éamon de Valera]] ina aon rang leis).
 
Bhog sé go Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach i Bord Oideachais na tíre seo, agus chuir sé suim mhór i gcúrsaí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.