An difríocht idir athruithe ar: "Teorainn talún na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe"

Cealaíodh athrú 628522 le 82.16.68.202 (plé)
(Cealaíodh athrú 628522 le 82.16.68.202 (plé))
== Críochdheighilt na hÉireann ==
 
Tarraingíodh an Teorainn sa bhliain 1921, de réir fhorálacha an [[An tAcht um Rialtas na hÉireann|Achta um Rialtas na hÉireann]], acht ar ghlac parlaimint na Ríochta Aontaithe leis sa bhliain 1920. Ba é an tAcht seo a chuir ar bun dhá pharlaimint fhéinrialaitheacha d'Éirinn - Parlaimint Dheisceart Éireann agus Parlaimint Thuaisceart Éireann. Fágadh sé chontae - an [[Contae an Dúin|Dún]], [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], agus [[Contae Dhoire|LondandoireDoire]] - faoi pharlaimint an Tuaiscirt, agus ba iad an sé chontae fichead eile Deisceart Éireann. Nuair a síníodh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i Mí na Nollag 1921, fágadh an teorainn seo i bhfeidhm "go sealadach".
 
Ar dtús, bhí an teorainn seo ceaptha mar theorainn inmheánach taobh istigh de [[Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann]], ach i Mí na Nollag 1933, tharraing an Tuaisceart as [[Saorstát Éireann]], de réir na rogha diúltaithe a bhí fágtha aige. Mar sin a cuireadh tús leis an Teorainn mar theorainn idirnáisiúnta. Bhí an Saorstát réasúnta neamhspleách ar an Ríocht Aontaithe ó thús báire, rud a rinneadh foirmiúil le Reacht Westminster sa bhliain 1931. Tháinig coimisiún ar leith, [[Coimisiún na Teorann]], le chéile chun teorainn a tharraingt idir an dá dhlínse, ag tabhairt airde ar chomhdhéanamh eitnireiligiúnach an daonra sa Tuaisceart, ach ní raibh ceachtar den dá thaobh sásta le moltaí an Choimisiúin, agus mar sin, fágadh an teorainn mar a raibh sí. Ní bhfuair an saol mór radharc ar mholtaí an Choimisiúin riamh, nó níor foilsíodh a thuarascáil.