An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"
Content deleted Content added
Réitigh mé cuid den ghramadach. Ní mór tuilleadh a dhéanamh, áfach. |
Tuilleadh ceartuithe, ach níl sé críochnaithe fós. |
||
Líne 9:
D'fhill sé abhaile agus chuala sé go rachadh an tÉirí Amach ar aghaidh ar aon chaoi, ar Luan na Cásca. D'ainneoin a chuid iarrachtaí an cheannairc a chur ar ceal, agus d'ainneoin a dhiantuairime go raibh an tÉirí Amach teipthe cibé scéal é, chuaigh se i dteagmháil leis na ceannairí - an Piarsach, Séamus Ó Conghaile agus an chuid eile acu - le go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh sa cheannairc mar sin féin. Cheap sé go mba cheart go dtroidfeadh sé in éineacht leis na hÓglaigh, ó chabhraigh sé an oiread sin leis an eagraíocht a chruthú.
I ndiaidh an Éirí Amach, dúirt an Dara Leifteanant A.D.Chalmers leis na nuachtáin go raibh an Rathailleach ina cheann mhaith dó. Ar dtús, chuir [[Mícheál Ó Coileáin]], nach raibh ann san am seo ach Captaen óg de chuid na nÓglach, ceangal na gcúig gcaol air agus d'fhág mar sin é i mbocsa teileafóin. Trí huaire an chloig ina dhiaidh sin, scaoil na hÓglaigh as an doghrainn é agus thug siad go hArd-Oifig an Phoist é. Nuair a chonaic an Rathailleach é, chuir sé ag coinneáil súile ar an taisceán é, lena chinntiú nach ngoidfeadh aon duine a dhath, agus thug sé rabhadh dá chuid fear féachaint chuige nach ndéanfadh aon duine dochar don tsaighdiúir.
Ar an Aoine 28ú Aibreáin, agus Oifig an Phoist trí thine, thairscint sé le grúpa fir a thógaint amach agus slí ealaithe a fháil. Agus é ag trasnú sráid Uí Mhórdha, d'ionsaigh meaisínghunna Sasnach iad.
|