An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 66:
 
== Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile ==
 
Is í an tSínis an teanga is tábhachtaí sa Chian-Oirthear leis na cianta cairbreacha, agus mar sin bhí an-tionchar aici ar theangacha eile an réigiúin. Is féidir Vítnimis, Seapáinis agus Cóiréis a scríobh le litreacha na Sínise, ach inniu chuaigh an leagan Vítneamach den chóras in éag (cé go múintear in ollscoileanna Vítneam i gcónaí é, mar eochair do staidéar na Sínise); maidir leis an leagan Cóiréach ní úsáidtear ach sa Chóiré Theas é anois, agus ansin féin is í an aibítir dhúchasach, ''Hangul'', is mó a d'fheicfeá sna leabhair agus sna hirisí. Sa tSeapáin, arís, baintear úsáid as na litreacha Síneacha (''kanji'') chomh maith le dhá shiollabra (is é sin dhá chóras siolla-bhunaithe scríbhneoireachta - seasann gach litir d'aon siolla amháin), mar atá, ''hiragana'' agus ''katakana''. An dá chóras seo féin áfach tá siad bunaithe ar na litreacha Síneacha ar dtús.
 
''Hán tự'' a thugtar ar chóras scríbhneoireachta Síneach na Vítnimise sa teanga sin. Ba í an t-aon scríbhneoireacht a bhí ar fáil don Vítnimis go dtí an 14ú haois. Ón 14ú haois go dtí an 19ú haois bhí an teanga á scríobh leis an gcóras ''Chữ Nôm''. Bhí an ''Chữ Nôm'' bunaithe ar litreacha na Sínise chomh maith ach ar a laghad bhí na litreacha curtha in oiriúint don Vítnimis ionas go bhféadfá na focail ghlan-Vítnimise a bhreacadh síos leis na litreacha seo. Sa 17ú haois áfach chuir an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes i dtoll le chéile córas nua le Vítnimis a scríobh leis na litreacha Iartharacha - le haibítir na Laidine. Bhí a lán comharthaí idirdhealaitheacha de dhíth le freastal ar thonúlacht na Vítnimise, ach sa deireadh bhí de Rhodes ábalta an fhadhb seo a réiteach. Ba iad na misinéirí Iartharacha ba mhó a d'úsáideadh an córas seo sna céadta bliain ina dhiaidh sin, ach i dtús na fichiú haoise chuir na náisiúnaithe Vítneamacha ar bun "Saorscoil Tonkin", nó ''Đông Kinh Nghĩa Thục'', i Hanái leis na litreacha seo a mhúineadh do mhuintir Vítneam. Bhí na náisiúnaithe Vítneamacha san am ag iarraidh a sochaí a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus iad ag cur oideachas nua-aimseartha ar fáil in áit an oideachais thraidisiúnta agus an Chonfúiceachais.
 
Maidir leis an teanga ''Zhuang'', teanga Théach (is é sin teanga atá gaolmhar leis an Téalainnis) a labhraítear i nDeisceart na Síne, is féidir í a scríobh le litreacha Síneacha freisin, de réir an chórais ''Sawndip''. Inniu áfach is fearr leis na húdaráis Shíneacha féin an aibítir Iartharach a chur chun cinn i measc lucht labhartha na teanga Zhuang.
 
== Fuaimeanna na Sínise ==