An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Jonathan G Meath portrays Santa Claus.jpg|thumb|uprighupright|Seo mar a fheictear Daidí na Nollag sa chuid is mó d'iarthar an Domhain]]
Is carachtar é '''Daidí na Nollag''' (''San Nioclás'' nó ''Santa'' uaireanta) a aithnítear mar thraidisiún [[an Nollaig|Nollag]] i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain [[Oíche Nollag]].
 
I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa [[Pol Thuaidh|Phol Thuaidh]]. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]]. Ba é Markus Rautio, "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le ''korva'' na Fionlainnise: ba é ba impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí. Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt a thabhairt air ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.
 
==Cúlra an Charachtaircharachtair==
 
Tagann coincheap an fhigiúir i mbréagriocht a thugann bronntanais do leanaí ó [[San Nioclás]], easpag cineálta ón 4ú Aois san [[an Áise Bheag|Áise Bheag]]. Ar dtús ba traidisiún [[An Ísiltír|Ollannach]] é San Nioclás a thugadh bronntanais ar [[6 Nollaig]], is é sin, lá féile Niocláis. I [[Meiriceá Thuaidh]], ghlac na coilínithe [[Sasanach]]a le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh [[Santa Claus]] de '''Sintaklaas'' na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar [[carr sleamhnáin|charr sleamhnáin]] atá á tharraingt ag [[réinfhia]]nna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta. Chuaigh an carachtar Meiriceánach go mór mór i bhfeidhm ar Dhaidí na Nollag mar a thuigtear san Eoraip é. Caitheann sé an bhliain go léir ag déanamh téisclime don Nollaig agus é ag déanamh bréagán ina cheárta agus ag coinneáil diansúile ar iompraíocht na bpáistí i rith na bliana. I gcultúir áirithe, tagann [[Knecht Ruprecht]], Zwarte Piet nó ''Peadar Dubh'' in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga sa cheárta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in [[Éirinn]] agus sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain]], agus na páistí ag teacht ag lorg bronntanas uaidh.
Líne 12:
{{síol}}
 
[[Catagóir:An Nollaig| ]]
[[Catagóir:Béaloideas]]