An difríocht idir athruithe ar: "Corn Shomhairle Mhig Uidhir"

Content deleted Content added
New page: Duais spóirt Éireannach é '''Corn Sam Mhic Uidhir''', an duais is luachmhar i bPeil Ghaelach. Bronntar an corn ar bhuaiteoirí an gCraobh Peil Sinseareach na hÉireann, an p...
 
Mír eile
Líne 1:
Duais spóirt [[Éire]]annach é '''Corn Sam Mhic Uidhir''', an duais is luachmhar i b[[Peil Ghaelach]]. Bronntar an corn ar bhuaiteoirí an g[[Craobh Peil Sinseareach na hÉireann]], an príomh-chomórtas sa spóirt in Éirinn. Is é [[Cumann Lúthchleas Gael]] a eagraíonn an comórtas. Imrítear na cluichí i rith an tsamradh, agus bíonn an cluiche ceannais i gcónaí ar an 3ú nó 4ú Domhnach i mí [[Meán Fómhair]] i b[[Páirc an Chrócaigh]], [[Baile Átha Cliath]].
 
== Stair ==
Ainmníodh an corn i ndiaidh [[Sam Mac Uidhir]] (nó Somhairle Mag Uidhir, mar ghlaoitear air uaireanta). Iar-pheileadóir ab ea é, a bhí an-ghníomhach leis an CLG i [[Londain]] agus in Éirinn. Tar éis a bháis sa bhliain [[1928]], bunaíodh coiste le [[Pat McCartan]] ina chathaoirleach chun airgead a bhailiú, agus cuimhnicheán ceart a cheannach. Shocraigh siad corn a cheannach, agus é a thabhairt don CLG. Bhí an-áthas ar an CLG an corn nua a ghlacadh. £300 ab ea é an praghas ag am an. Bhí an corn nua bunaithe ar an g[[Cailís Ardach]], agus b'iad Hopkins&Hopkins as [[Sráid Uí Chonaill]] na daoine a chruthaigh é.
 
B'é [[CLG Coiste Chontae Cill Dara|Cill Dara]] an céad contae a bhuaigh an Corn Sam Mhic Uidhir nua sa bhliain 1928, nuair a bhfuair siad an lámh in uachtar in éadan an [[CLG Coiste An Cabhán|Cabhán]] (2-6 go 2-5). Mhair an corn ar feadh seasca bliain, ach b'éigean don CLG corn nua, "Sam Óg", a chur ina áit sa bhliain [[1988]]. B'é [[CLG Coiste Contae na Mí|an Mhí]] an céad contae a ghlac Sam Óg.
 
{{stumpa}}