An difríocht idir athruithe ar: "Seán Bán Mac Meanman"

Content deleted Content added
No edit summary
Maisc
Líne 1:
Máistir scoile agus scríbhneoir [[Gaeilge]] a bhí i '''Seán Bán Mac Meanman''', agus é ag scríobh lón léitheoireachta do na gasúirí scoile thar aon dream eile. Rugadh ar an gCionn Garbh i bparóiste Inis Caoil, [[Contae Dhún na nGall|Tír Chonaill]], ar an [[12 Nollaig]] [[1886]], agus d'éag sé ar an [[7 Samhain]] [[1962]]. Feirmeoir bocht agus seanchaí ab ea a athair, Peadar Mac Meanman. Maidir lena mháthair, Máire, is é an sloinne a bhí uirthi ná Nic Ailín, ach is é an leagan oifigiúil a bhí i rollaí na n-údarás ná Campbell. Bhí lúb bheag ghaoil ag a mháthair le Patrick McGill, scríbhneoir Béarla.
 
D'fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta an Chinn Ghairbh nuair a bhí sé ina bhuachaill, ach maidir leis an nGaeilgen[[Gaeilge]], sa bhaile a d'fhoghlaim sé í a léamh is a scríobh. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag staidéar i gColáiste Uladh, agus bhí cead iontrála aige in Ollscoil Londan freisin chomh maith is a d'éirigh leis sna scrúduithe iontrála.
 
Chleachtaíodh sé ealaín an tseanchaí thraidisiúnta ina chuid scéalta, a raibh fíor-bhlas Ghaeilge Lár [[Tír Chonaill|Thír Chonaill]] orthu. Is léiriú maith iad a chuid scríbhinní ar mheon agus ar nósanna na [[Gaeltacht]]a sa [[19ú haois|naoú haois déag]], agus canúint shaibhir iontu. Bíodh is go bhfuil meon an chráifeachais i gcuid de na scéalta cineál coimhthíoch ag duine an lae inniu, is dócha go gcuirfeadh ábhar scríbhneora Gaeilge an-suim iontu le blas na canúna a tharraingt air féin, go háirithe i bhfianaise an mheatha atá tagtha ar Ghaeilge Lár Thír Chonaill mar ghnáthurlabhra phobail.
 
Thiar sna [[1990í|nóchaidí]], cuireadh scéalta foilsithe Sheáin Bháin i gcló ina dtrí dhíolaim, mar atá, ''An Chéad Mhám'', ''An Dara Mám'', agus ''An Tríú Mám''. Thairis sin, tá bailiúchán ábhair eile foilsithe faoin teideal ''Cnuasach Céad Conlach''. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil tuilleadh le teacht, nó scríobh Seán Bán leabhar faoi stair na h[[Éire]]ann nár foilsíodh riamh, agus an lámhscríbhinn ag fanacht le duine a chuirfeadh in eagar í.
Líne 19:
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Dhún na nGall]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1886]]
[[Catagóir:Básanna i 1962]]
 
[[br:Seán Bán Mac Meanman]]