An difríocht idir athruithe ar: "An Athbheochan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Le linn an Renaissance forbraíodh teicníochtaí nua a chuir ar chumas na n-ealaíontóirí cur síos níos cruinne a thabhairt ar an réaltacht ina gcuid pictiúr, an pheirspictíocht líneach ach go háirithe, agus de réir a chéile cuireadh cuma nua ar an gcóras oideachais chomh maith. I gcúrsaí polaitíochta chuir an Renaissance spreagadh i bhforbairt na taidhleoireachta nua-aimseartha, agus i gcúrsaí na heolaíochta chuir sé béim ar thábhacht na mbreathnuithe. Is minic a deir lucht scríofa na staire gur droichead ón Meánaois go dtí an Nua-aois a bhí i gceist leis an mórathrú meoin seo. Cé gur tháinig réabhlóid san eolaíocht agus sa tsochaí féin sna sálaí ag an Renaissance, is iad na saothair ealaíne is mó a tharraingíonn ár súil ar an tréimhse sin inniu, chomh maith le cuimhne na "bhfear ''Renaissance''", is é sin fir léannta ileolacha ar nós Michelangelo nó Leonardo da Vinci.
 
Glactar leis go coitianta gurb i bhFlórans a thosaigh an Renaissance sa 14ú haois. Is iomai teoiric a cuireadh chun tosaigh lena mhíniú conas a tháinig an Renaissance ar an bhfód agus céard ba chúis leis, ar nós Flórans féin, an cineál sochaí a bhí ann ó thaobh an chultúir agus na sochaí de, agus muintir Medici ag rialú na cathracgcathrach is ag tál a bhféile ar na healaíontóirí. Is minic a thagraítear do na fir léinn ón nGréig a d'éalaigh ó thrúpaí na Tuirce Otamánaí go dtí an Iodáil.
 
{{Glanadh-mar|Fadhbanna gramadaí, fadhbanna POV agus OR chomh maith}}