An difríocht idir athruithe ar: "An Athbheochan"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 7:
Glactar leis go coitianta gurb i bhFlórans a thosaigh an Renaissance sa 14ú haois. Is iomai teoiric a cuireadh chun tosaigh lena mhíniú conas a tháinig an Renaissance ar an bhfód agus céard ba chúis leis: luaitear imthoscaí chathair Fhlórans, an cineál sochaí a bhí ann ó thaobh an chultúir agus na sochaí de, agus muintir Medici ag rialú na cathrach is ag tál a bhféile ar na healaíontóirí. Is minic a thagraítear do na fir léinn ón nGréig a d'éalaigh ó thrúpaí na Tuirce Otamánaí go dtí an Iodáil chomh maith.
Is iomaí craiceann a chuir scriobh staire an Renaissance de, agus bhí an-diospóireacht i measc na staraithe faoin tréimhse seo, faoina tábhacht agus faoina carachtar. Sa naoú haois déag ba nós an-urraim a thabhairt don Renaissance agus d'fhir mhóra an Renaissance mar laochra cultúrtha, rud nach bhfuil ag teacht le coincheap an Renaissance mar thréimhse ar leith.
|