An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
Líne 18:
 
==Cogadh na Saoirse==
[[Íomhá:Anglo-Irish Treaty Griffith annotated2.gif|deas|250px|thumb|Leathanach ón g[[Conradh Angla-Éireannach]], leis a théacs fhéin scríobtha air..]]
Toghadh Ó Gríofa ina bhall Parlaiminte (MP) don [[Chábhán]] Thoir i bhfothoghchán i lár [[1918]], agus bhí bua éasca ag Sinn Féin san olltoghchán an bhliain dar gcionn. Chuir teachtaí Shinn Féin [[Dáil Éireann]] ar bun mar pharlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus fógraíodh [[Poblacht na hÉireann]] in athuair. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse]] nuair nach n-athnódh rialtas na Breataine an [[Dáil]]. Tar éis cúpla bliain den chogaíocht bhí sos cogaidh ann agus chuir an Dáil toscaireacht chun na Breataine chun réiteach a lorg. Bhí Art Ó Gríofa i gceannas ar an toscaireacht agus fonn láidir air teacht chun réitigh. Shínigh sé Conradh nár thug neamhspleáchas iomlán d'Éirinn, agus a rinne críochdheighilt ar an tír, agus ní raibh [[Éamonn de Valera]] ná teachtaí eile sásta leis sin. Bhí teannas uafásach sa tír, d'éirigh de Valera as oifig mar uachtarán agus ghlac Ó Gríofa a áit, ach rinne an t-achrann an-dochar dá shláinte agus fuair sé bás de rith fola san inchinn ar an 12 Lúnasa 1922.