An difríocht idir athruithe ar: "Díobhadh (réalteolaíocht)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Sa [[réalteolaíocht]], is é is ciall le '''díobhadh''' ná an dóigh a scaipeann agus a n-ionsúnn an damhna idir an réad réalteolaíoch agus an breathnóir an solas, nó pé radaíocht eile, a thagann ón réad. Ba é an réalteolaí [[Robert Julius Trumpler]] ba luaithe a thug cur síos ceart ar an díobhadh agus ar a chúiseanna, sa bhliain 1930, ach d'aithin [[Friedrich Georg Wilhelm von Struve]] iarmhairt an díofa chomh fada siar le 1847. B'iomaí duine a thug an díobhadh faoi deara roimhe sin féin, ach níor thuig siad an bhaint atá aige leis an damhna idir-réaltach, le dusta [[Bealach na Bó Finne|Bhealach na Bó Finne]] mar shampla. Má tá an réalta suite i gcóngar do phlána ár [[réaltra]], agus í suite roinnt mhílte de pharsoiceanna ón Domhan, is féidir a ghlacadh leis go n-athróidh méid dhealraitheach na réalta timpeall is 1.8 aonad méide in aghaidh míle [[parsoic]], de thoradh an díofa (tá an luach seo bunaithe ar radaíocht an V-bhanna, is é sin an banna [[micreathonnta]] idir 50 agus 75 GHz).
 
Más ag tagairt do bhreathnóirí ar dhroim an domhain atáimid, is léir gurb é an t-atmaisféar is cúis le cuid mhór den díobhadh a aithníonn siad, sa bhreis ar an meán idir-réaltach. Thairis sin cuireann an dusta timpeall ar an réad féin leis an díobhadh. Sciath láidir chosanta é an t-atmaisféar ar chineálacha áirithe radaíochta ar nós na n-[[x-ghathanna]], an tsolais [[ultraivialait]] agus an tsolais infridheirg, agus leis an díobhadh seo a sheachaint tá sé riachtanach na réadlanna a chur ag timpeallú an Domhain le taighde ceart a dhéanamh ar an raon seo den [[speictream leictreamhaighnéadach]].
 
Ní hionann tionchar an díofa ar gach cineál solais, agus de ghnáth, fágann sé na réaltaí níos deirge ná a bheidís dá bhféadfá dul ina n-aice. Tugtar '''deargadh idir-réaltach''' ar an deargadh seo. Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhful baint dá laghad ag an deargadh idir-réaltach leis an [[deargaistriú]].