An difríocht idir athruithe ar: "Contae Thír Eoghain"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 14:
 
== Tíreolaíocht ==
Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na [[Na Speiríní|Speiríní]] suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i g[[Cúige Uladh]], i ndiaidh na [[Beanna Boirche]] agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é [[Loch nEathach]], an loch is mó in Éirinn (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í [[an Fheabhail]] agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, [[Abhainn na Deirge]], [[Abhainn Coille]], agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í [[an Abhainn Mhór]] an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]] agus [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
 
== Bailte i gcontae Thír Eoghain ==