An difríocht idir athruithe ar: "Béal Feirste"

Content deleted Content added
m r2.7.3) (Robot: Modifying tl:Belfast to tl:Belpas
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 36:
Tá campas ag [[Ollscoil Uladh]] ins an chathair fosta. Is í Scoil na nEalaíon agus na Dearthóireachta an chuid den ollscoil atá suite i gcampas Bhéal Feirste.
 
Is iad na múrphioctúirí a thabhaigh a chliú, nó a mhíchliú, d'Iarthar Bhéal Feirste, nó "díogha Bhéal Feirste", mar a deir an t-imeartas focal (is é sin, ghnítear ''Worst Belfast'' de ''West Belfast'' i mbéal na ngoineadóirí). Ar na múrphioctúirí a aithnítear sainchreideamh agus saindearcadh polaitiúil an bhunaidh áitiúil. Na múrphioctúirí a tchíthear ins na compail [[Protastúnachas|Albanacha]], bíonn siad saibhir i móitífeanna a léiríonns urraim an phobail do Choróin na Breataine, d'[[Fórsa Óglaigh Uladh|Fhórsa Óglaigh Uladh]] (UVF) agus do dhronga paraimíleata eile de chuid na n[[Dílseoir]]í. Is é [[Bóthar na Seanchille]] an ceantar is mó Prodasnachais. Ón taoibh eile de, is iad na móitífeanna is ansa le péintéirí múrphioctúirí [[Bóthar na bhFál|Bhóthar na bhFál]] na hÓglaigh de chuid na [[IRA Sealadach|Sealadach]] a fuair bás i machaire an áir ar son athaontú na hÉireann. Mar sin, is iomaí pioctúir a thaispeánanns duine acu siúd - Roibeard Ó Seachnasaigh mar shampla - nó duine de na laochra is sine, cosúil le Pádraig Mac Piarais nó Séamus Ó Conghaile. Maille leofa siúd, bíonn tagairtí ann don chultúr Ghaelach agus don teangaidh Ghaeilge féin.
 
Tá dhá aerfort ins an chathair, is é sin, Aerfort Chathair Bhéal Feirste in aice leis an inbhear, agus Aerfort Eadarnáisiunta Bhéal Feirste, agus é suite láimh le [[Loch nEathach]].