An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe Mhám Trasna"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tugtar '''Dúnmharuithe Mhám Trasna''' ar eachtra a tharla ar an 17 Lúnasa 1882 ina dúnmharaíodh fear darbh ainm Seán Seoighe agus ceathrar dá mhuintir i Mám T...'
 
No edit summary
Líne 1:
Tugtar '''Dúnmharuithe Mhám Trasna''' ar eachtra a tharla ar an 17 Lúnasa 1882 ina dúnmharaíodh fear darbh ainm Seán Seoighe
agus ceathrar dá mhuintir i [[Mám Trasna]], ceantar Gaeltachta i g[[Contae Mhaigh Eo]]. Frítheadh ochtar ciontach as, agus daoradh pionóis báis ar thriúr dóibh. Glactar leis sa lá atá inniu ann go raibh duine amháin den triúr siúd a crochadh - [[Maolra Seoighe]] - neamhchiontach ar fad, ach déanadh neamhaird iomlán dá fhianaise osós rud é gur cainteoir Gaeilge a bhí ann agus ní raibh ach an Béarla ag lucht na cúirte.
 
Tá mí-chlú tabhaithe ag an gcás ó shin i leith mar gheall ar shárú chearta teanga Mhaolra Seoighe agus na cosantóirí eile.
Líne 9:
 
Níltear ar aon tuairim faoi spreagadh na bhfear. Maíonn teoiric amháin go raibh Seán Seoighe ina chisteoir ar cheann de na cumainn rúnda a bhí ag cur in aghaidh na Sasanach. Dearbhaítear go raibh sé ag goideadh airgid ó chistí an chumainn, agus thug na fir faoi chun díoltas a bhaint amach.
 
==An cás cúirte==
Gabhadh deichniúr san iomlán agus tugadh ós comhair na cúirte i mBaile Átha Cliath iad - Maolra Seoighe féin, beirt dheartháireacha dá chuid (Martin agus Páidín), a nia Tom, triúr ó Cheapach na Creiche (Pat, Michael agus John Casey), Casey eile (Tom) ó Ghleann Sal agus Anthony Philbin ón gCeapach Dhubh.
 
Rud a chuir go mór le cás an stáit ná gur thug beirt de na fir fianaise in aghaidh na bhfear eile.
 
{{síol}}