An difríocht idir athruithe ar: "Béal Feirste"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 26:
== Eolas Ginearálta ==
 
Fuair Béal Feirste a ainm as an ''Fhearsaid'', is é sin, as an bhruach gainimhe ag ''béal'' na habhann. Tógadh Béal Feirste i mbéal abhainn an [[AnAbhainn Lagánan Lagáin|Lagáin]] an chéad uair riamh, ach inniu, tá abhainn na Feirste fágtha ag sní i lintéar faoin tSráid Ard.
 
Tá Béal Feirste suite ar inbhear chois Mhuir Éireann, in ascaill na gcnoc. Is iad na cnoic is cliúití acu ná an Sliabh Dubh, an Duibhis agus Beann Mhadagáin. Bheirthear ''Cavehill'', nó "Cnoc na hUaimhe", ar Bheann Mhadagáin as Béarla, agus is ar "Ghaosán Napoleon" is fearr a aithnítear an cnoc seo. Lomán basailt é an Gaosán, agus é ag dealú an chathair ó Ghleann Ghormlaí. Creidtear go mb'í Beann Mhadagáin a thug spreagadh do [[Jonathan Swift]] ''Gulliver's Travels'' a chumadh, nó b'fhacthas dó go rabh an cnoc cosúil le fathach a bheadh ina chodladh. Tá caoi curtha ar bhruacha an Lagáin le déanaí, agus táthar in éis cuid mhór den chathair a ghéilleadh do na coisithe.