An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"

Content deleted Content added
m File renamed: File:Poster18.jpgFile:Poster of Soviet Propaganda for women.jpg File renaming criterion #2: Change from completely meaningless names into suitable names, according to what the i...
Líne 55:
 
=== I ndiaidh Stailín ===
[[Íomhá:Poster18Poster of Soviet Propaganda for women.jpg|mionsamhail|280px|Postaer Sóivéadach: ''Tá an saol ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae'', a deir sé.]]
Fuair Stailín bás ar an 5 Márta 1953. Nuair nach raibh comharba inghlactha ar fáil, chinn ardfheidhmeannaigh an Pháirtí Chumannaigh an tír a rialú in éineacht, ach mar sin féin, bhí siad ag iompairc le chéile go dian faoin gceannasaíocht. Ba é Nikita Khrushchev a ghnóthaigh an báire thart faoi lár na gcaogaidí, agus sa bhliain 1956, thug sé óráid inar cháin sé anlathas Stailín. Mhaolaigh sé ar na diansrianta freisin a bhí curtha ag Stailín le saoirse na sochaí. Sa bhliain chéanna, áfach, chloígh na saighdiúirí Sóivéadacha le lámh láidir iarrachtaí na nUngárach agus na bPolannach tuilleadh daonlathais a bhaint amach. Faoin am seo, bhí an tAontas Sóivéadach ag déanamh an-dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Bhí na Sóivéadaigh ina gceannródaithe spásaireachta, nó ba iad a chuir an chéad satailít dhaondéanta, Sputnik a hAon, ag timpeallú an Domhain, agus ina dhiaidh sin, scaoil siad an chéad neach beo - an madra Laika - agus an chéad duine, Yuriy Gagarin, ar an bhfithis timpeall an Domhain. Ní raibh mórán maithe sna leasuithe talmhaíochta agus riaracháin a chuir Khrushchev i gcrích, áfach, agus níor éirigh leis go maith sna polasaithe eachtracha ach an oiread. Cé go raibh rialtas Cumannach curtha ar bun sa tSín, tháinig scoilt idir an tír sin agus an tAontas Sóivéadach, agus maidir leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe, bhí an cogadh fuar ar tí iompú ina chogadh dearg sa bhliain 1962, le linn [[Géarchéim na nDiúracán i gCúba|ghéarchéim na ndiúracán i gCúba]]. Sa bhliain 1964, b'éigean do Khrushchev éirí as agus dul ar pinsean ina ainneoin féin.