An difríocht idir athruithe ar: "Michelangelo"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5592 (translate me)
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 35:
Nuair a d’fhill Michelangelo ar Fhlórans idir na blianta 1499 agus 1501 iarradh air dealbh Dháibhí a dhéanamh mar chomhartha ar shaoirse na cathrach. Bhí sé seo ar na saothair ab fhearr dá chuid, agus chuir sé bailchríoch air sa bhliain 1504. D'eascair sé as píosa ollmhór marmair ó chairéal Charrara, agus cuireadh é in airde os comhair an an tSean-Pháláis (Palazzo Vecchio) sa Piazza della Signoria.
 
D’fhill Michelangelo ar an Róimh sa bhliain 1505 agus idir na blianta 1508 agus 1512 dhathaigh sé díon [[Séipéal Sistíneach|an tSéipéil Shistínigh]] don Phápa Clement VII. Ar dtús ní raibh le bheith ann ach an Dá Aspal Déag, ach de réir a chéile chum sé fíoracha eile a bhain le Cruthú agus le Deireadh an Domhain. Idir na blianta 1532 agus 1541 chum sé an Breithiúnas Deireanach, ach chuir roinnt fíoracha lomnochta fearg ar dhaoine éigin, an Cairdinéal Carafa agus an Moinsíneoir Sernini go háirithe, agus rinne siad gearán. Mar dhíoltas, rinne Michelangelo íomhá de Charafa mar anam damnaithe.
 
Ba é saothar mór deireanach Michelangelo Baisleac Pheadair sa bhliain 1546 (cé nach eisean a thosaigh é).