Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
[[Íomhá:Rangú.png|right|180px| Ocht gcéim na haicmiúcháin bhitheolaíochta.]]
 
Is éard is '''aicmiú bitheolaíoch''', nó '''aicmiú eolaíoch sa bhitheolaíocht''' ann, ná modh eolaíoch le haghaidh orgánach a rangú i ngrúpaí, mar shampla [[géineas]] nó [[speiceas]], de réir na gcosúlachtaí struchtúir agus feidhme a bhíonn eatarthu. . Tugtar tacsa tacsóin (uatha: tacsón) ar ghrúpaí mar seo agus an tacsanomaíoch a thugtar ar an chineál bitheolaíochta a phléann le haicmiú ar neacha an Nádúir.
 
Tá aicmiú na n-organach na linne seo, fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach [[Carl von Linné|Carolus Linnaeus]], a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal [[Charles Darwin|Darwin]], sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar sonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.
8,226

edits