An difríocht idir athruithe ar: "Aicmiú eolaíoch"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Tá aicmiú na n-organach na linne seo, fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach [[Carl von Linné|Carolus Linnaeus]], a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal [[Charles Darwin|Darwin]], sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar sonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.
 
==Sainmhíniú==
 
Shainmhínigh Ernst Mayr 'Aicmiú' mar "Eagrú na n-aonán i sraith ordlathach de ranganna neadaithe, ina a chuirtear le chéile ranganna den chineál céanna, nó a bhaineann le leibhéal amháin ordlathach, go cuimsitheach i ranganna níos cuimsithí, ar an chéad leibhéal eile atá níos airde." Shainmhínítear 'rang' mar "bailiúchán d'aonán den chineál céanna". (Tabhair faoi deara go n-úsaidtear an focal "rang" go measartha ar leithligh i gcomhair cheann de na leibhéil san ordlathas bitheolaíochta.)
Tá an t-aicmiú Bitheolaíochta bunaithe ar an chosúlacht a bhíonn idir orgánaigh a shíolraigh ón shinsearach is gaire. Dá réir sin, is iad na hairíonna nó tréithe tábhachtacha le haicmiú sa bhitheolaíoch ná iad siúd atá 'homalógach', ie, a bhfuarthas ó shinsearach coiteann. Ní mór iad seo a dheighilt ó tréithe analógacha.
Tá an cumas na heitilte ag na héin agus na hialtóga araon ach ní bhaintear úsáid as an chosúlacht seo chun iad a aicmiú i dtacsón (a "rang"), toisc nach bhfuil sé mar oidhreacht acu ó shinsearach coiteann. In ainneoin na difríochtaí eile go léir eatarthú, is é an bhfíric go mbeathaíonn ialtóga agus míolta móra araon a n-óg ar bhainne, cheann de na gnéithe a úsáidtear chun aicmiú an bheirt acu mar mamaigh, ós treith é a bhfuarathas trí oidhreacht ó shinsearach coiteann.
 
Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomh rangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):