An difríocht idir athruithe ar: "Aistriúchán"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7553 (translate me)
No edit summary
Líne 1:
Cumarsáid scríofa atá san '''aistriúchán''' ina dtiontaítear brí téacs as [[teanga (cumarsáid)|teanga]] amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an [[sprioctheanga]] ar an teanga lena gcríochnaítear. Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin. Tugtar '''aistriúchán''' ar an bpróiseas ina ndéantar aistriúchán agus ar thoradh an phróisis sin freisin, sé sin an saothar a thagann as.
 
Bíonn an baol i gcónaí ann go gtabharfadhdtabharfadh an t-aistritheoir struchtúr agus nathanna cainte na teanga foinse isteach leis sa sprioctheanga agus é ag aistriú téacs, sé sin go mbeadh traschur truaillithe ann. Ar an taobh eile de, is féidir le focail agus nathanna iasachta a churcur go mór le teanga ar bith. I gcás mionteangacha moltar a bheith cúramach gan an iomarca leaganacha iasachta a ligean isteach ar fhaitíos go mbáfaí an teanga ar fad i dtuile nathanna ón mórtheanga. Aistrítear go leor cineálacha téacs, óidir teicniúiltheicniúil goagus liteartha agus eile.
 
Mar gheall ar an mór-éileamh a bhí ann ar dhoiciméadú gnó de bharr [[Réabhlóid thionsclaíoch|Réabhlóid na Tionsclaíochta]], a thosaigh i lár an [[18ú haois]], tháinig foirmiúlú agus speisialú ar cheird an aistriúcháin leagus bunaíodh scoileanna tiomanta agus cumainn ghairmiúla á mbunú.
 
[[Catagóir:Aistriúchán| ]]