An difríocht idir athruithe ar: "Coláiste na bhFiann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is eagraíocht a chuireann cúrsaí Gaeltachta samhraidh [[Gaeltachta]] ar fáil do dheágóirí le Gaeilge a fhoghlaim é '''Coláiste na bhFiann'''. Tá Coláiste na bhFiann ag ceiliúradh dhá scór bliain<ref>[http://www.colaistenabhfiann.ie/index.php?page=about_us&lang=ga ColaisteNaBhFiann.ie - Eolas Fúinn]</ref> ag cur na [[Gaeilge]] chun cinn. Thosaigh an eagraíocht i [[Ros Muc]], [[Contae na Gaillimhe|Co. na Gaillimhe]] sa bhliain [[1968]] le seasca dalta. Bhí lámh ag [[Domhnall Ó Lubhlaí]] le bunú an Choláiste. Thar an daichead bliain tá breis is caoga míle dalta tar éis a bheith ar chúrsa leo. Is éard atá inti ná "an tSeirbhís Náisiúnta is mó don óige tré mheán na Gaeilge". Ciallaíonn sé sin go stiúrann Coláiste na bhFiann ocht "gColáiste Samhraidh" i [[Ráth Cairn]] Co. na Mí, [[Ros Muc]] Co. na Gaillimh, [[Sligeach]] Co. Shligigh, Baile an Uairnigh Co. na Mí, [[Áth Luain]], [[Co. na hIarmhí]], [[Dún Dealgan]], [[Contae Lú]], Naomh Bréanainn [[Cill Áirne]] Co. Chiarraí agus cúrsa lae i mBaile an Sceilg, [[Contae Chiarraí|Co. Chiarraí]].
 
Úsáideadh struchtúr Choláiste na bhFiann mar theimpléad do roinnt Choláistí Samhraidh eile. Ar maidin bíonn ranganna bunaithe ar an dteanga labhartha agus bíonn imeachtaí éagsúla mar shampla ceol, ealaíon agus spóirt agus bíonn céilithe san oíche. Tá struchtúr traenála ceannasaíochta ag Coláiste na bhFiann a mhúineann forbairt sóisialta, freagracht agus neamhspleáchas do dhaoine óga.