An difríocht idir athruithe ar: "An Afracáinis"

1,546 bytes added ,  7 mbliana ó shin
no edit summary
m (Bot: Migrating 111 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q14196 (translate me))
{{glanadh}}
{{Teanga
|ainm=Afracáinis
|iso3=afr
}}
Is teanga Iar-Ghearmáinice í an '''Afracáinis''', agus í an-chosúil leis an [[Ollainnis]]. Labhraítear san [[an Afraic Theas|Afraic Theas]] agus sa [[An Namaib|Namaib]] í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa [[an Bhotsuáin|Bhotsuáin]], i [[Leosóta]], sa t[[An tSuasalainn|tSuasalainn]], sa t[[An tSiombáib|Siombáib]], agus sa t[[An tSaimbia|Saimbia]] chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall ar 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Tá pobail thábhachtacha i b[[Perth]] san [[An Astráil|Astráil]], i d[[Toronto]], [[Ceanada]] agus [[Auckland]] sa [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]] freisin. Tá dhá ghrúpa eitneacha ann a úsáideann an Afracáinis thar aon teanga eile, mar atá, na Bóraigh (''boers''), is é sin, na Geala a labhraíonn an teanga, agus na Daiteánaigh a labhraíonn í, ar nós na ''basters'', Malaeigh an Chinn (''Cape Malays''), agus na ''Griquas''.
 
== Stair na Teanga ==
 
Is í an teanga is gaolmhaire don Afracáinis ná an Ollainnis, agus is féidir le cainteoirí an dá theanga seo an-adhmad a dhéanamh as caint a chéile i gcónaí. Is í an ghramadach an phríomhdhifríocht, nó tá cuid mhór de mhírialtachtaí na hOllainnise imithe ón Afracáinis, go háirithe an inscne ghramadúil. Aithníonn an Ollainnis trí inscne i gcónaí, is é sin, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, cé go bhfuil an difríocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe sa teanga sin féin. An Afracáinis, áfach, ní aithníonn sí fiú an difríocht idir an inscne neodrach agus an dá inscne eile a thuilleadh. Thairis sin, tá an Afracáinis tar éis cuid mhaith focal a fháil ó na teangacha bundúchasacha a labhraítear i nDeisceart na hAfraice, agus cé go bhfuil litriú na hAfracáinise bunaithe ar litriú na hOllainnise, is gnách na focail iasachta nó idirnáisiúnta a chur in oiriúint do chóras litrithe na teanga ar bhealach i bhfad níos déine ná mar a dhéantar san Ollainnis. An délitir ij, IJ, a úsáidtear san Ollainnis, caitheadh i dtraipisí í san Afracáinis: y, Y a scríobhtar ansin.
 
Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí conas a d'fhorbair an Afracáinis, nó is iontach luath a thit córas gramadaí na hOllainnise as a chéile san Afraic, i gcomparáid leis na teangacha coilíneacha eile. De ghnáth, bíonn an teanga níos ''coimeádaí'' sna coilíneachtaí ná a mhalairt. Is é an míniú a bhíonn ag cuid mhór de na teangeolaithe nach Bóraigh iad ná gur tharla [[Nasctheanga|nasctheangú]] nó [[Fásteanga|fásteangú]] éigin don Ollainnis, is é sin, gur fhoghlaim grúpa éigin de neamhchainteoirí dúchais salacharaíl Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grúpa seo chomh mór is go raibh níos mó tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas ná ag na cainteoirí dúchais a tháinig isteach ón Eoraip.
 
===Caighdeánú===
Deir an teangeolaí [[Paul Roberge]] gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain [[1795]]. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, b'í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. B'é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó ''Genootschap vir Regte Afrikaners'', i g[[Cathair na Rinne (An Afraic Theas)|Cathair na Rinne]] a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghráiméar, sa bhliain [[1875]].
 
Deir an teangeolaí [[Paul Roberge]] gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain [[1795]]. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, b'ba í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. BBhí an-ról i gcaighdeánú na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh ''Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar'' sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiúil atá i gceist leis an ''Zamenspraak'' seo (is é is ciall leis an teideal ná "Comhrá idir Nioclás Fírinneach agus Eoin Amhrasach") agus is é is ábhar don téacs ná gluaiseacht neamhspleáchais Choilíneacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scoláire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiúnach do Mhuslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus é ag úsáid na litreach Arabach. Bhí teanga Abubakr an-congarach don Afracáinis labhartha - níos cóngaraí ná stíl Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go fóill. Ba é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó ''Genootschap vir Regte Afrikaners'', i g[[Cathair na Rinne (An Afraic Theas)|Cathair na Rinne]] a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghráiméar, sa bhliain [[1875]].
Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain [[1910]], b'iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain [[1925]], cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.
 
Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain [[1910]], b'ba iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain [[1925]], cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.
 
Cuid thábhachtach de chaighdeánú na hAfracáinise ab ea an chéad aistriúchán ar an mBíobla. Le fada an lá bhí lucht labhartha na hAfracáinise ag úsáid an ''Statenbijbel'' nó an ''Statenvertaling'', leagan Ollainnise a foilsíodh sna 1630idí agus a bhí deacair dothuigthe ag cainteoirí na hOllainnise comhaimseartha féin gan trácht ar bith a dhéanamh ar lucht na hAfracáinise. Tháinig an chéad aistriúchán iomlán i gcló sa bhliain 1933: i measc na n-aistritheoirí bhí an file Jacob Daniël "Totius" du Toit agus an diagaire Barend Bartholomeus Keet a bhí go mór mór in aghaidh an dóigh a mbaintí úsáid as an mBíobla leis an [[apairtéid]] a chosaint.
 
{{IdirVicí|cód=af}}