An difríocht idir athruithe ar: "Síle na gcíoch"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 8:
 
Rinne Jerman iarracht ar na deilbhíní a chur i gcomhchoibhneas le maisiú gobach Rómhánúil de dhéanamh ''voussoir'' (móitíf mhaol dhingeach) a bhí san fhaisean sa 12ú haois sa [[An Fhrainc|Fhrainc]] agus a thug [[na Normannaigh]] thar lear leo. Is deacair, áfach, mórán samplaí a fháil den chomhchoibhneas seo in Éirinn.<ref>Freitag, 2004, lgh 13-14.</ref> Áitítear, mar sin féin, go bhfuil formhór mór na bhfíoracha le fáil i sa limistéar Angla-Normannach mar a bhí in Éirinn timpeall an 12ú haois, agus gan ach beagán le fáil i limistéar na [[Gaeil|nGael]].<ref>O’Kelly, 1996.</ref>
[[Íomhá:SheelaWiki.jpg|thumb|right|150px|Síle na gcíoch ag SS Mary and David's Church, Kilpeck, Sasana.]]
 
== Síle na gcíoch in Éirinn ==
Líne 38:
== Feidhmiú ==
 
Sa bhliain 1844 thug Johann Georg Kohl, scoláire [[An Ghearmáin|Gearmánach]], cuairt ar [[Dubhadh|Dhubhadh]] i g[[Contae na Mí]] agus é ar lorg dheilbhíní Shíle na gcíoch. Dúirt fear faisnéise leis go raibh deich gcinn ar a laghad ann agus go n-úsáidtí na fíoracha chun an tsúil mhillte a chealú. Sa seansaol fadó rachadh fear a raibh an mí-ádh air chun mná áirithe agus nochtfadh sí a baill ghiniúna dó mar leigheas. Dúradh le Kohl go dtugtaí ''Shilagh na Gigh'' ar mhná den saghas sin agus gur baisteadh na fíoracha féin astu. Dúradh leis freisin gurb éard is brí don ainm "Síle na Géige".<ref>Kohl, 1844, lgh 308-309</ref>
 
Mhéadaigh ar an tsuim a bhí ag ársaitheoirí sa scéal agus beartaíodh teoiricí difriúla. Áitíodh gur as nósanna an Phágánachais nó na [[Críostaíocht|sean-Chríostaíochta]] a fáisceadh na deilbhíní, nó go raibh baint acu leis an torthúlacht.<ref>Freitag, 2004, lgh 16-20.</ref>