An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
Líne 20:
== Cúlra==
 
Rugadh ar an g[[Cnocán Glas]] taobh thiar den [[Spidéal]] i g[[Conamara]] é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea [[Seosamh Ó Cadhain]]. Um [[Meitheamh]] [[1911]] thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil. Bhuaigh sé scoláireacht an Rí sa bhliain [[1923]] nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i g[[Coláiste Phádraig, Droim Conrach]], d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 i n[[Droim Conrach]]. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i n[[Daighinis]] agus i g[[cathair na Gaillimhe]] ceapadh ina phríomhoide i g[[Camas]] é agus bhí ann go [[1932]]. Is lena linn a d’aistrigh sé ''[[Saile Chaomhánach, nó na hUaigheanna Folmha |Sally Kavanagh]]'' le [[Charles Kickham]] faoin teideal ''Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha'', [[1932]] (d’ullmhaigh an [[Tomás de Bhaldraithe|Dr Tomás de Bhaldraithe]] eagrán [[1986]]). Faoi [[1926]] bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in ''[[An Stoc]]''. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um [[Samhain|Shamhain]], [[1929]]. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go [[1938]]; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail. Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann.
 
Chuaigh sé ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i [[Coláiste Phádraig, Droim Conrach|gColáiste Phádraig]] [[Droim Conrach]], [[Baile Átha Cliath]]. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann ([[IRA]]), agus suim aige sa [[Sóisialachas]] freisin. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain [[1926]] go dtí [[1936]] agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don [[INTO]] sa bhliain [[1930]]. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh agus chaith sé tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA agus b'eisean a thóg [[Breandán Ó Beacháin]] isteach san eagraíocht i measc daoine eile. <ref> Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971. </ref>