An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 3 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2178188 (translate me)
Líne 14:
 
== Ré na Nua-Ghaeilge Moiche ==
Bhí na cúirteanna filíochta an-tábhachtach le linn ré na Nua-Gaeilge Moiche. Filí clúiteacha ba ea Dhonnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh (1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (1320-87), Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-91), Eochaidh Ó hEodhusa (1567-1617), Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640) agus ar uile. Tháinig na filí le chéile ag tórramh nó ag tithe tabhairne, mar shampla, chun a gcuid filíochta a mheas agus a fhorbairt. "Cúirteanna Filíochta" a thugaidís ar na cruinnithe seo. Ghlac siad téarmaíocht an dlí chucu féin, mar shampla, thug siad 'sirriam' ar chathaoirleach na cúirte agus chuir siad 'barántas' amach chuig na filí chun teacht le chéile. I gCúige Mumhan is mó a bhíodh na cúirteanna seo - An Bhlarna, Cromadh, Ráth Luairc, Sliabh gCua agus Sliabh Luachra. Ghlac Diarmaid Mac Cárthaigh, Seán Ó Tuama, Aindrias Mac Craith, Seán Clárach Mac Domhnaill, Donncha Rua Mac Conmara, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Aogán Ó Rathaille páirt ins na cúirteanna seo.
 
Baineann go leor de litríocht na [[Fiannaíocht]]a leis an ré seo freisin, chomh maith le go leor litríochta inste nó reiligiúnda.