An difríocht idir athruithe ar: "An Lá Mór (Agóid)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is agóid ar son stádas na [[Gaeilge]] san [[Aontas Eorpach]] a bhí sa '''An Lá Mór''' a tharla i m[[Baile Átha Cliath]] ar an [[24 Aibreán]], [[2004]]. Bhí [[Stádas]] agus [[Na Gaeil Óga]] taobh thiar den fheachtas a raibh stádas oifigiúil na Gaeilge san AontasAE mar chríoch air.
 
Bhí tuairim is 6,000 duine i láthair ar an lá a d'fhág go raibh '''An Lá Mór''' ar na hagóidí Gaeilge ba mhó riamh i stair na hÉireann. Chruinnigh an slua ag barr Shráid Uí Chonaill agus shiúil trí lár Bhaile Átha Cliath go dtí [[Sráid Theach Laighean]]. Ar ardán taobh amuigh de Thithe an Rialtais labhair [[Seán Ó Neachtáin]], [[Aoife Ní Scolaí]] ó [[Chonradh na Gaeilge]]., Tomaí Ó Conghaile thar cheann Na Gaeil Óga mar aon le [[Panu Petteri Höglund]] ón Fhionlainn.
 
Bunaíodh Na Gaeil Óga chun ceist STÁDAS a bhrú chun tosaigh sna hollscoileanna agus tugadh áit ar ardán don ghrúpa ar an Lá Mór. Rinne Aoife Ní Scolaí comhordú ar rannpháirtíocht Chonradh na Gaeilge san fheachtas. Le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh achainí dá chuid féin a chur ar siúl ar an Idirlíon ar mhaithe leis an gcuspóir céanna. Thug Stádas lántacaíocht don achainí sin, agus rinne siad cinneadh go dtabharfaí cuireadh do Panu a bheith i láthair sa mhórshiúl agus labhairt ag an léirsiú mór os comhair [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]].