An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainn"

Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 94:
Is beag planda nó ainmhí a tháinig chun na hÍoslainne ó dheireadh na h[[oighearaois]]e 10,000 bliain ó shin. Tá eolas ar thuairim is 1,300 feithid ann, méid atá sách íseal le hais a bhfuil le fáil i dtíortha eile. Níl reiptílí ann, agus ní bhfuair na chéad daoine rompu ach sineach amháin, an [[madra rua]] Artach, ainmhí a bhain amach an Íoslainn thar an bhfarraige reoite i ndeireadh na hoighearoise.
 
[[Coill]]te beithe agus tundra is dual don Íoslainn, cé nach bhfuil fásra ar bith le fáil i dtrí cheathrú den tír; tá [[féar]] ann freisin agus é á ithe ag [[beith]]ígh. Bhíodh coillte beithe (''Betula pubescens'') le fáil i gcuid mhaith den deisceart,<ref>Deirtear in ''Íslendingabók'', cuntas le [[Ari Þorgilsson]] (1067–1148 AD) ar lonnaíocht na tíre: "Í þann tíþ Ísland viþi vaxit á miþli fiallz oc fiöro" (''Ag an am sin bhí an Íoslainn faoi chrainn idir na sléibhte agus an trá''): http://archive.org/details/slendingabkersk00smgoog.</ref>
ach chuir daoine isteach go mór ar an bhfód éadrom bolcánach agus ar an mbeagán spéiceas a bhí ann. Baineadh an-úsáid as na coillte le haghaidh breosla agus adhmad tógála, agus tharla creimeadh de bharr an dífhoraoisithe, rud a bhac ar athfhás na mbeithí. Anois níl ach roinnt bheag beithí ann, cé go ndearnadh coillte nua a chur agus crainn iasachta san áireamh.
 
Ar na hainmhithe atá le fáil san Íoslainn anois tá caoirigh, beithígh, [[cearc]]a, [[gabhair]] agus [[Capall|capaill]] láidre dúchasacha. Is iomaí saghas éisc atá le fáil ann, agus iad ar bhreis is leath na n-easportálacha. Tá madraí rua ann, [[luch]]a, [[francaigh]], [[coinín]]í, [[minc]]eanna agus [[réinfhia]]nna. Tagann béir bhána ó am go chéile agus cnoic oighir á n-iompar ón [[An Ghraonlainn|nGríonlainn]]. Tá éin go leor ann – faoileáin, fuipíní, meirligh mhara agus [[Saidhbhéar|saidhbhéir]]. Tá míolta móra le feiceáil, agus iad á seilg mar bhia agus ar son an taighde. <ref>[http://www.hafro.is/undir_eng.php?ID=15&REF=2 Marine Research Institute: Cetaceans]</ref>