An difríocht idir athruithe ar: "Iaguar"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 86 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q35694 (translate me)
mNo edit summary
Líne 21:
Breathnaíonn an t-iaguar cosúil leis an [[liopard]], ach is é an [[tíogar]] is cosúla leis ó thaobh na h[[iompraíocht]]a agus na ngnáthóg de. [[Foraois]]eanna dlútha báistí is mó a thaitníonn leis, ach is féidir leis maireachtáil i bhforaoisí de chineál eile agus i dtír-raon oscailte féin. [[Snámh|Snámhaí]] maith é agus é ag tarraingt ar an áit a bhfuil an t-[[uisce]]. Tá gialla láidire aige - níos láidire ná ag na [[cat|cait]] mhóra eile - agus é in ann cloigeann an [[ainmhí]] creiche a bhascadh trí ghreim a bhaint as.
 
Bhí páirt thábhachtach ag an iaguar i [[miotaseolaíocht]] na sibhialtachtaí bundúchasacha i [[Meiriceá Theas]]. Chreid [[na Máigigh]] go raibh iaguar neamhshaolta ag cosaint an rítheaghlaigh ar na naimhde, agus shíl aiadsiad freisin go raibh baint ag an iaguar leis an saol eile, le saol na marbh. Na Máigigh agus [[na hAstacaigh]] araon, d'aithin siad siombail an [[rí]] agus an churaidh san iaguar, agus bhí scothaicme farairí nó [[saighdiúir|saighdiúirí]] ag na hAstacaigh a thugadh "na hiaguar-laochra" orthu féin.
 
Ba é an t-iaguar tótam-ainmhí an dé úd [[Tezcatlipoca]] i [[reiligiún]] na nAstacach freisin, is é sin, bhí baint neamhshaolta nó comhchosúlacht éigin ag an ainmhí leis an [[dia]] seo. Bhí cultas an iaguair tábhachtach i measc na dtreibheanna sna [[na hAindéis|hAindéis]] freisin, áit a bhfuil [[Peiriú]] inniu.