An difríocht idir athruithe ar: "Batman"

Content deleted Content added
Replace image with alt (previous deleted from Commons)
Líne 3:
Is é an fíorainm atá air ná Bruce Wayne. Gróintín saibhir é a bhfuil cónaí air i Mainéar Wayne, ar mainteach é i g[[Cathair Gotham]], cathair shamhailteach agus í múnlaithe ar chathair Nua-Eabhraic ó thaobh na staire de, cé go bhfuil an t-atmaisféar níos duairce i nGotham. Cuidíonn a chara is a leathbhádóir, Robin, leis, chomh maith lena ghiolla Alfred Pennyworth. Is é cúlra an scéil gur mharaigh coirpeach tuismitheoirí Bruce Wayne os comhair a shúl nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, agus gur chinn sé ansin a shaol a thiomnú don troid in aghaidh na gcoirpeach.
 
[[File:USD205998.png|thumb|An ''Batmobile'', nó an ''Bat''-ghluaisteán]]
 
 
Níl cumhachtaí neamhshaolta ag Batman mar a bhíonn ag an gcuid is mó de laochra osdaonna na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le Superman. Mar sin féin, fear an-láidir, an-chliste, an-aclaí atá ann. Caitheann sé púicín dubh a chuirfeadh [[Zorro]] i gcuimhne duit, chomh maith le culaith dhubh agus liath (an ''Batsuit'') agus crios uirlisí. Tá gluaisteán speisialta aige chomh maith, an ''Batmobile'', agus é á coinneáil i bhfolach sa ''Batcave'', seomra rúnda faoi Mhainéar Wayne.