An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 39:
Bhí tionchar mór ag ceol Iodálach a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.<ref>Luaite in Yeats, lch 49.</ref> Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.<ref>Bunting, lch 71.</ref>
 
I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá seanleabhar (nó cuid de leabhar) ann a bhfuil foinn Uí Chearbhalláin ann: leabhar a d’fhoilsigh mac leis an gCearbhallánach sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as Ollscoil Átha Cliath. Tá dord ann ach tá sé aonlíneach agus is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.<ref>Yeats, lch 50.</ref>
 
Bhí an Cearbhallánach in ann amhrán a chumadh go gasta, greanta. Chum sé amhrán spreagúil do Chian Ó hEadhra, a bhí ina gcónaí i gCúil Mhuine i g[[Contae Shligigh]]:
Líne 54:
: ''dá mbeinn sa Róimh mar b’ait liom''<br>
: ''’s bíodh mo vóta inghlactha''<br>
: ''is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin!''<ref>O’Sullivan, lch 186.</ref><br>
 
==Nótaí==