An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 30:
Bhí an Cearbhallánach idir mheadhrach agus thaghdach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar chomhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
 
Phós sé Máire Ní Dhuibhir ó [[Contae Fhear Manach|Chontae Fhear Manach]]: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige. Cailleadh Máire sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach dán á caoineadh.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
 
Nuair nárbh fhada uaidh an bás d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. D’fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus dúirt sé: “Tháinic mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”. Nuair a bhraith sé é féin ag lagú tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.<ref>Yeats, lch 54.</ref> Tá sé curtha i gCill Rónáin i g[[Contae na hIarmhí]]: deir Bunting go mbíodh a chloigeann i gcuas ann.<ref>Bunting, lch 72.</ref>