An difríocht idir athruithe ar: "Louis XIV na Fraince"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
|mana =
|}}
B'é '''Laoiseach XIV''' (nó ''Louis-Dieudonné'') ([[5 Meán Fómhair]], [[1638]] – [[1 Meán Fómhair]], [[1715]]) Rí [[An Fhrainc|na Fraince]] agus Rí Navarre ón [[14 Bealtaine]] [[1643]] go lá a bháis. Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-Aire Jules Mazarin sa bhliain [[1661]]. Thugtaí "an Grian-Rí" (''Le Roi Soleil'' as [[Fraincis]]) nó Louis Mór (''Louis le Grand'') nó An Monarc Mór (''Le Grand Monarque'') ar Louis. Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san [[An Eoraip|Eoraip]]. Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an g[[An Cogadh Franc-Ollannach|Cogadh Franc-Ollannach]], [[Cogadh Léig Augsburg]], agus [[Cogadh Chomharbas na Spáinne]].
 
Cogúil is uile mar a bhí sé, fuair sé tábhachtach chomh maith feabhas a chur ar chúrsaí an chultúir agus an teanga Fraincise a chur i mbéal an phobail níos forleithne. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: ''Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí'' (Fraincis: ''Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours'').