An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 150 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7850 (translate me)
No edit summary
Líne 71:
''Hán tự'' a thugtar ar chóras scríbhneoireachta Síneach na Vítnimise sa teanga sin. Ba í an t-aon scríbhneoireacht a bhí ar fáil don Vítnimis go dtí an 14ú haois. Ón 14ú haois go dtí an 19ú haois bhí an teanga á scríobh leis an gcóras ''Chữ Nôm''. Bhí an ''Chữ Nôm'' bunaithe ar litreacha na Sínise chomh maith ach ar a laghad bhí na litreacha curtha in oiriúint don Vítnimis ionas go bhféadfá na focail ghlan-Vítnimise a bhreacadh síos leis na litreacha seo. Sa 17ú haois áfach chuir an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes i dtoll le chéile córas nua le Vítnimis a scríobh leis na litreacha Iartharacha - le [[Aibítir Laidineach|haibítir na Laidine]]. Bhí a lán comharthaí idirdhealaitheacha de dhíth le freastal ar thonúlacht na Vítnimise, ach sa deireadh bhí de Rhodes ábalta an fhadhb seo a réiteach. Ba iad na misinéirí Iartharacha ba mhó a d'úsáideadh an córas seo sna céadta bliain ina dhiaidh sin, ach i dtús na fichiú haoise chuir na náisiúnaithe Vítneamacha ar bun "Saorscoil Tonkin", nó ''Đông Kinh Nghĩa Thục'', i Hanái leis na litreacha seo a mhúineadh do mhuintir Vítneam. Bhí na náisiúnaithe Vítneamacha san am ag iarraidh a sochaí a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus iad ag cur oideachas nua-aimseartha ar fáil in áit an oideachais thraidisiúnta agus an [[Confúicias|Chonfúiceachais]].
 
Maidir leis an teanga ''[[Zhuang'']], teanga Théach (is é sin teanga atá gaolmhar leis an Téalainnis) a labhraítear i nDeisceart na Síne, is féidir í a scríobh le litreacha Síneacha freisin, de réir an chórais ''Sawndip''. Inniu áfach is fearr leis na húdaráis Shíneacha féin an aibítir Iartharach a chur chun cinn i measc lucht labhartha na teanga Zhuang.
 
Na teangacha a labhraítear timpeall ar an tSín, bíonn siad breac le focail iasachta ón tSínis. Glactar leis gur focail Sínise iad 50-60 % de stór focal na Cóiréise, agus is é an chuma chéanna atá ar an tSeapáinis agus ar an Vítnimis, a bheag nó a mhór. Focal Sínise sa Ghaeilge é ''tae'', a tháinig ón gcanúint ''Min Nan''; an focal ''chai'' a úsáidtear sa Rúisis is é an focal céanna é ach amháin gur ó chanúint eile a tháinig sé. Focail Sínise iad ''citseap'' (Béarla ''ketchup'') agus ''cumcuat'' (Béarla ''kumquat'') fosta, agus iad faighte ón gCantainis.