An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 73:
Ní hionann críoch an AE agus críoch na hEorpa, mar tá cuid den mhór-roinn nach bhfuil san AE, mar shampla an Íoslainn, an Eilvéis, an Iorua agus an [[Rúis]] Eorpach. Níl gach páirt de na Ballstáit san AE cé gur cuid de mhór-roinn na hEorpa iad (mar shampla [[Oileáin Mhuir nIocht]] agus [[Oileáin Fharó]]). Cé go bhfuil roinnt críoch ann nach bhfuil i limistéar geografach na hEorpa ach a bhfuil socruithe comhlachais eatarthu agus na Ballstáit, níl siad san AE féin (mar shampla [[an Ghraonlainn]], [[Aruba]], [[Aintillí na hÍsiltíre]], agus tíortha Chomhlathas Briotanach na Náisiún). Tá roinnt críoch thar lear ar cuid den AE iad cé nach bhfuil siad i limistéar geografach na hEorpa – mar atá [[na hAsóir]], [[na hOileáin Chanáracha]], [[Ceuta]], [[Guáin na Fraince]], [[Guadeloupe]], [[Maidéara]], [[Martinique]], [[Melilla]] agus [[La Réunion]].
Is 4,422,773 ciliméadar cearnach
Agus críocha thar lear na mBallstát á gcur san áireamh, tá beagnach gach cineál aeráide, ó artach go teochreasach, san AE. Mar sin, ní féidir 'gnáthaeráid' a lua leis an AE ina iomláine. Go deimhin, tá cónaí ar fhormhór an daonra i limistéir ina bhfuil aeráid mheánmhuirí (Deisceart na hEorpa), aeráid mheasartha aigéanach (Iarthar na hEorpa) nó aeráid ilchríochach teo-shamhraidh (Oirthear na hEorpa).
|