An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"
Content deleted Content added
Líne 139:
== Déimeagrafaic ==
Measadh, i mí Eanáir 2009, go bhfuil
Tá 7.3% de dhaonra an domhain ina gcónaí san AE ach ní chlúdaíonn an AE ach 3% de thalamh an domhain. Tá dlús daonra de 113km² (44 míle cearnach) ag an AE. Tá an trian de shaoránaigh an AE ina gcónaí i gcathracha a bhfuil thart ar milliún duine iontu agus cónaíonn 80% i limistéir uirbeacha go ginearálta. Tá níos mó cathracha domhanda san AE ná mar atá in aon réigiún eile ar domhan. Tá 16 chathair san AE a bhfuil daonra os cionn milliún duine iontu.
Líne 147:
=== Teangacha ===
Tá
Is í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais (timpeall agus 88.7 milliún duine ó 2006), agus ansin leanann Béarla, Iodáilis agus Fraincis. Labhraíonn níos mó ná leath de dhaonra an AE (51%) Béarla agus mar sin is é an teanga iasachta is labhartha san Aontas é. Leanann Gearmáinis agus Fraincis. Is féidir le 56% saoránach Eorpach comhrá a choinneáil i dteanga eile seachas a dteanga dhúchais. [[Teangacha Ind-Eorpacha]] is ea formhór theangacha oifigiúla an AE, seachas an Eastóinis, an Fhionlainnis agus an Ungáiris den fhine [[Úralach]] agus Máltais ar [[teanga Seimíteach]] í. Scríobhtar an chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE san [[aibítir Laidineach]], seachas Bulgáiris a scríobhtar san [[aibítir Chirileach]] agus an Ghréigis a scríobhtar san [[aibítir Gréagach]].
Chomh maith leis na
Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: [[Tuircis]], [[Araibis]], [[Rúisis]], [[Urdais]], [[Beangáilis]], [[Hiondúis]], [[Tamailis]], [[Úcráinis]], [[Puinseáibis]] agus [[teangacha Balcánacha]]. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.
|