An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

No change in size ,  8 mbliana ó shin
=== Institiúidí ===
 
Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an AE agus tá sé freagrach as reachtaíocht a thionscnamh agus gnóthaí an AE a reáchtáil ó lá go lá. Tá sé ceaptha go ngníomhódh an Coimisiún ar son leasa an AE ina iomláine, murab ionann agus an Chomhairle Eorpach nó Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an claonadh iontu a bheith dílis dá leas náisiúnta féin. Deirtear gurb é an coimisiúin is údar spreagtha do lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, tá 2728 gcoimisinéir (duine as gach Ballstát) sa Choimisiún agus tá a réimse freagrachta beartais féin ag gach duine díobh. Cuireann gach Ballstát a n-ainmniúchán féin don Choimisiún faoi bhráid na Comhairle (ag gníomhú di ina gceannairí Stáit nó Rialtais), agus bíonn de chúram ar Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Choimisiúin, agus an 'coláiste' de Choimisinéirí a fhormheas.
 
Is í Parlaimint na hEorpa tionól daonlathach an AE, agus bíonn baint aici le reachtaíocht na hEorpa a rith. Toghann saoránaigh an AE na 785 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) go díreach gach 5 bliana. Cé go dtoghtar na FPE ar bhonn náisiúnta, suíonn siad de réir grúpaí pholaitiúla seachas de réir a náisiúntachta. Tá líon seasta feisirí ag gach tír. Ar thogra ón gCoimisiún, ritheann an Parlaimint agus an Chomhairle (Comhairle an Aontais Eorpaigh) reachtaíocht go comhpháirteach i limistéir áirithe – tugtar an chomhchinnteoireacht air seo. Má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm, leathnófar réimse na comhchinnteoireachta seo go dtína lán réimsí eile. Go deimhin, is í an chomhchinnteoireacht a bheidh mar an 'gnáthnós reachtaíochta'. Méadóidh sé sin tionchar na Parlaiminte i gcúrsaí reachtaíochta na hEorpa. Tá de chumhacht ag an bParlaimint chomh maith an Coimisiún a cháineadh as míghníomh agus féadfaidh sí diúltú glacadh le buiséad an AE. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a ghníomhaíonn mar Cheann Comhairle sa Pharlaimint agus déanann sé nó sí ionadaíocht ar an bParlaimint sa saol mór. Toghann na FPEanna an t-uachtarán agus na leasuachtaráin gach dhá bhliain go leith.
93

edits