An difríocht idir athruithe ar: "Anne Frank"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 76 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q4583 (translate me)
Replace image with alt (previous deleted from Commons)
Líne 1:
[[Íomhá:Anne_Frank_stampAmsterdam Anne Frank.jpg|thumb|upright|Dealbh - Anne Frank - Amstardam]]
 
Seans gurb í '''Annelies Marie "Anne" Frank''', a rugadh ar [[12 Meitheamh]] [[1929]] i [[Frankfurt-am-Main]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn [[Uileloscadh|an Uileloisce]]. Nuair a tháinig na [[Naitsíochas|Naitsithe]] i réim, d’aistrigh an teaghlach go h[[Amstardam]]. Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. B’fhear gnó é an t-athair, Otto Frank, agus ar [[6 Iúil]] [[1942]] chuaigh an teaghlach agus ceathrar [[Giúdachas|Giúdach]] eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach. Sceitheadh orthu, áfach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.
 
Line 6 ⟶ 5:
 
== An Dialann ==
[[Íomhá:Amsterdam Anne Frank.jpg|thumb|Dealbh - Anne Frank - Amstardam]]
Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar [[dialann|dhialann]]. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann. Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha. Bhí meas aici ar an litríocht agus scríobh sí ar [[11 Bealtaine]] [[1944]] gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir. Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne agus ó 1960 músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann agus tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.