An difríocht idir athruithe ar: "Aeráid monsúin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Aeráid ina mbíonn séasúr fliuch is séasúr tirim a éiríonn ó imirce an chrios inréimneachta idirthrópaicí agus athruithe i dtreo na gaoithe. Faightear a leit...'
 
m nasc
Líne 1:
Aeráid ina mbíonn séasúr fliuch is séasúr tirim a éiríonn ó imirce an chrios inréimneachta idirthrópaicí agus athruithe i dtreo na gaoithe. Faightear a leithéid i réigiúin thrópaiceacha, san [[An Áise|Áise]] go príomha. I gcás monsúin [[An Áise|na hÁise]], mar thoradh ar théamh mhais ollmhór na tíre sa [[samhradh]], laghdaítear brú an [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféir]] os cionn na hilchríche. Súitear aer tais isteach ó na haigéin (an monsún aniar aneas), agus titeann an [[Báisteach|bháisteach]]. Sa bhfómhar is lú an chontrárthacht idir tír is aigéan, agus cúlaítear na réigiúin ardbhrú is ísealbhrú. Ansin séideann gaotha fuara tirime anuas ó na [[Himiléithe]] (an monsún anoir aduaidh), ag leanúint go dtí an t-[[earrach]]. Braitheann an chuid is mó de [[Talmhaíocht|thalmhaíocht]] na hÁise ar an monsún, ach is athraitheach a theacht ó bhliain go bliain, agus má bhíonn moill air laghdaítear an bháisteach.
 
{{Fréamh an Eolais}}