An difríocht idir athruithe ar: "Fine Gall"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
Is contae riaracháin i dtuaisceart [[Contae Bhaile Átha Cliath|Chontae Bhaile Átha Cliath]] é '''Fine Gall''', nó '''Contae Fhine Gall''' suite. Cruthaíodh sa bhliain [[1993]] faoin Acht um Rialtas Áitiúil é nuair a cuireadh deireadh le Comhairle Contae Átha Cliath. Is é an ceathrú contae is mó in [[Éire|Éirinn]] le 5% den daonra. Tá 239,813 duine ina gcónaí (daonáireamh [[2006]]) ann. Is é [[Sord Cholmcille|Sord]] an príomhbhaile agus tá oifigí nua-aimseartha an chomhairle suite ar phríomhshráid an bhaile.
 
=== Tíreolaíocht ===
Tá 452.7 ciliméadar cearnógach talaimh i gceantar Fhine Gall agus tá teorainneacha le Cathair Átha Cliath, le [[Contae Átha Cliath Theas]], leis an [[Contae na Mí|Mhí]] agus le [[Contae Chill Dara|Cill Dara]] aige. Tá 88km de chósta aige ó [[Cill Fhionntáin|Chill Fhionntáin]] ó dheas go [[Baile Brigín]] ó thuaidh. Draenálann Abhainn Delvin é ar an Chríoch Thuaidh, Abhainn an Bharda agus Abhainn an Mhíodúin Leathain i lár, agus Abhainn na [[An Tulcha|Tulcha]] agus Abhainn Seantreabh ar an Imeall Theas. Is í an Life a chríoch ar an imeall iardheisceartach. Tá trí hinbhear móra faoi choimirce agus gnáthóga réisc ghoirt ann, agus trí mhórthrá déag. Tá [[Binn Éadair]] agus Gleann na Life faoi Ordú Limistéir Taitneamhachtaí Speisialta.
 
=== Tionscail ===
Tá tionscail bhogearraí agus chrua-earraí ríomhaireachta, earraí cógaisíochta, próiseáil bia
agus ceardaíocht agus seirbhísí leictreacha/leictreonacha lonnaithe sa réigiún. Is é Fine Gall príomhréigiún táirgeadh ghairneoireachta na hÉireann. Tá na ceantair táirgthe, áfach, ag teacht faoi bhrú méadaitheach ó fhorbraíocht eile agus an chathair ag fás i dtreo na mbailte tuaithe. Tá Cuan Bhinn Éadair ar an chuan iascaigh is mó ar an Chósta Thoir agus is é an cúigiú ceann is mó sa tír é. Is é [[Aerfort Bhaile Átha Cliath]] croí eacnamaíoch Fhine Gall i gcónaí agus tá tábhacht mhór náisiúnta leis mar gheall ar an mbonn fostaíochta atá aige, ar líon na bpaisinéirí a théann tríd agus ar a sheirbhísí aerlasta.