An difríocht idir athruithe ar: "Ailtireacht na hIndia"

Content deleted Content added
m naisc
cata7pic
Líne 1:
[[Íomhá:Khajuraho5.jpg|200px|mionsamhail|deas|Teampall Khajuraho]]
Roimh an [[16ú haois|16ú céad]], ba iad na teampaill pluaise is stúpaí [[Búdachas|Búdacha]] na foirgnimh ab ársa dá raibh san [[An India|India]]. Níos déanaí tháinig na teampaill [[Hiondúchas|Hiondúch]]a le [[dealbhóireacht]] ghreanta mar mhaisiúchán, agus iad sin roinnte i 3 shaghas geografach: tuaisceartach, Cailiúcach is Dráivideach. Le teacht i réim ríshliocht na Mógal i [[1526]], thosaigh tógáil na séadchomharthaí móra [[Ioslam|Ioslamacha]], ina measc an chathair mhionchruinn shaibhir [[Fatehpur Sikri]] ([[1568]]-[[1575]]). Le gabháil na hIndia ag [[impireacht na Breataine]], tugadh foirmeacha ailtireachta ón [[iarthar]] isteach, agus sampla éalárnach aisteach de seo is ea clasaiceas [[Edwin Lutyens]] i ndearadh is leagan amach [[Delhi|Dheilí Nua]] ([[1913]]-[[1931]]). Foirgnimh shonracha ón [[20ú haois|20ú céad]] iad siúd a dhear [[Le Corbusier]] sa [[Príomhchathair|phríomhchathair]] réigiúnda Chandigarh a tógadh sna [[1950idí]]. [[Ailtireacht]] nua-aoiseach níos bunúsaí oiriúnaí do chúinsí na hIndia, b'fhéidir, atá á cur i bhfeidhm anois ag ailtirí dúchasacha mar [[Charles Correa]].
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Stíleanna ailtireachta|India]]
[[Catagóir:An India]]