An difríocht idir athruithe ar: "Arm tine"

24 bytes added ,  7 mbliana ó shin
m
naisc
(Leathanach cruthaithe le 'Ainm ginearálta ar airm bheaga, ó phiostail go raidhflí. Thosaigh forbairt na n-arm iniompartha seo sa 14ú céad leis an gcanóin, a phrímeáltaí l...')
 
m (naisc)
Ainm ginearálta ar airm bheaga, ó [[Piostal|phiostail]] go [[Raidhfil|raidhflí]]. Thosaigh forbairt na n-arm iniompartha seo sa [[14ú haois|14ú céad]] leis an gcanóin, a phrímeáltaí le [[púdar gunna]], a bhí trom ach iniompartha, ach a d'adhnadh oibreoir eile le lasair. Rinne an t-[[arcabas]] is an raon stiúrach an phrímeáil a [[uathoibriú]] is a shimpliú ina dhiaidh sin, ach bhí gá le lasair fós chun an gunna a scaoileadh. Tháinig an gunna [[cloch thine]] chun foirfeachta sa [[18ú haois|18ú céad]] le luamhán, ualaithe le lingeán, chun greim a choimeád ar an gcloch thine chun spréach a dhéanamh leis an lucht tiomáinteach a adhaint. Mar thoradh air seo, tháinig piostail is [[Muscaed|muscaeid]] in úsáid go forleathan sa chogaíocht. Tháinig an glas buailte, a d'úsáid casúr ar lucht féinchoinnithe i [[Bairille|mbairille]] an ghunna, chun cinn sa [[19ú haois|19ú céad]]. Sa [[20ú haois|20ú céad]] rinneadh an-chuid forbairtí ar dhearadh is ábhair déanta na ngunnaí, agus tháinig airm tine le scaoileadh marthanach uathoibríoch chun cinn. Faoi seo tá tíortha is cathracha ar fud [[An Domhan|an Domhain]] buartha go mór faoi úsáid mharfach neamhdhleathach gunnaí ar na sráideanna.
 
{{Fréamh an Eolais}}
4,584

edits