An difríocht idir athruithe ar: "Guairne"

Content deleted Content added
m nasc
m naisc
Líne 1:
San fhisic chandamach agus i [[fisic cháithníní|bhfisic na mbuncháithníní]], tugtar '''guairne''' ar airí áirithe bhunúsach a bhaineann leis na buncháithníní, leis na cáithníní comhshuite (na [[Hadrón|hadróin]]) agus le núicléis na [[adamh|n-adamh]]. Leis an nguairne a dhéanamh níos intuigthe ag an neamh-shaineolaí, is minic a deirtear gurb ionann é, ar bhealach, agus an buncháithnín a bheith ag casadh timpeall ar a ais, ach is gá cuimhne a choinneáil air nach bhfuil ann ach simpliú garbh.
 
Tá an chandamuimhir guairne chéanna ag na buncháithníní go léir den chineál chéanna, agus is cuid thábhachtach é luach na candamuimhreach seo de staid chandamach an cháithnín. Tá baint ag guairne na [[leictreon]], de réir theoirim na staitisticí guairne, le prionsabal eisiamh [[Wolfgang Pauli]], agus sa deireadh, is toradh don phrionsabal sin é an dóigh a bhfuil na [[dúil cheimiceach|dúile ceimiceacha]] ag teacht sna sálaí ag a chéile i d[[tábla peiriadach]] na ndúl. Céim saoirse intreach thábhachtach é treo guairne an bhuncháithnín, agus ar mhaithe leis an ngiorracht tugtar guairne ar an treo guairne freisin go minic.
 
Ba é Wolfgang Pauli an chéad [[fisiceoir|fhisiceoir]] a thuig agus a shainmhínigh coincheap na guairne, cé nár cheap sé téarma ar leith le tagairt dó. Sa bhliain 1925, mhol [[Ralph Kronig]], [[George Uhlenbeck]] agus [[Samuel Goudsmit]] go ndealrófaí an ghuairne le rothlú an bhuncháithnín ar a ais féin. Ba é Pauli a d'oibrigh amach an taobh matamaiticiúil den scéal sa bhliain 1927. Sa bhliain 1928, leag [[Paul Dirac]] amach a chandam-mheicnic choibhneasaíoch, agus páirt lárnach ag coincheap na guairne inti.
 
Tá dhá chineál móiminteam uilleach sa chandam-mheicnic: an móiminteam uilleach fithiseach, nach bhfuil ann go bunúsach ach ginearálú agus fairsingiú nádúrtha ar an móiminteam uilleach san fhisic chlasaiceach (L=r×p), agus an ghuairne, nach bhfuil cosúil le haon rud san fhisic chlasaiceach. Ós cineál móiminteam uilleach í an ghuairne, tá na toisí céanna aici agus ag an móiminteam uilleach, is é sin, J•s sna haonaid SI. Ní úsáidtear na haonaid SI le luach na guairne a thabhairt. Ina áit sin, úsáidtear ''ħ'', an leagan laghdaithe de [[Tairiseach Planck|thairiseach Planck]], mar aonad, agus ní scríobhtar an tairiseach sin féin amach - ní thugtar ach uimhir gan aonad, arb í an t-iolraí faoina bhfuil an tairiseach sin méadaithe.
 
<!-- idirvici -->