An difríocht idir athruithe ar: "Airtríteas réamatóideach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tuigtear go mbaineann an riocht seo le fabht éigin sa chóras imdhíonach. Sa chás seo, de réir dealraimh, na ceimiceáin a dhéanann an córa...'
 
m nasc
Líne 1:
Tuigtear go mbaineann an riocht seo le fabht éigin sa [[Córas imdhíonach|chóras imdhíonach]]. Sa chás seo, de réir dealraimh, na ceimiceáin a dhéanann an córas seo chun troid i gcoinne ionfhabhtaithe, ionsaíonn siad na [[Alt (anatamaíocht)|hailt]], díreach mar a bheadh ábhair choimhthíocha iontu, agus creimeann idir [[loingeán]] is chnámh. Cuireann sé isteach ar na [[Scamhóg|scamhóga]] is na nearóga freisin, ach is iad na hailt is mó a bhíonn thíos leis. Má bhuailtear alt, mar shampla sa drochaimsir, atann is deargann sé is bíonn sé pianmhar. Níl aon leigheas cinnte air, ach tugann aispirín is drugaí nua mar chortasón, iobúróifein is indimeataicin faoiseamh ón ngalar. Is maith freisin scíth a ligean agus teas a chur leis an alt. Cabhraíonn aclaíocht ar leith a chuireann le láidreacht an ailt freisin. Feidhmíonn córacha nua leighis ar cheimiceáin an chórais imdhíonaigh chun a [[Tiúchan|dtiúchan]] nó a n-éifeacht a laghdú agus mar sin faoiseamh a thabhairt do dhuine. Tá ceann amháin, mar shampla, bunaithe ar [[antashubstaint mhonaclónach]] a ghreamaíonn le [[dromchla]] na T-chealla sa chóras imdhíonach. Nuair a bhíonn na T-chealla róghníomhach, spreagann siad an córas imdhíonach le [[Fíochán|fíocháin]] shláintiúla sna hailt a mhilleadh. Ansin nuair a bhíonn na [[Antashubstaintí|hantashubstaintí]] monaclónacha greamaithe leis na T-chealla, laghdaítear ar a ngníomhaíocht siúd agus tugtar cosaint do na hailt. Ach má bhíonn an galar dofhulaingthe, is féidir alt saorga a ionchlannú in ionad an ailt nádúrtha, agus éiríonn go maith le hobráidí mar sin.
 
{{Fréamh an Eolais}}