An difríocht idir athruithe ar: "Vítneam"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 235 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q881 (translate me)
m nasc
Líne 42:
|glaochód=84
|fonótaí=|}}
[[Tír]] in [[Oirdheisceart na hÁise|oirdheisceart]] na h[[An Áise|Áise]] is ea í '''Poblacht Shóisialach Vítneam''', agus í ag críochantacht leis an t[[Daon-Phoblacht na Síne|Sín]], le [[Laos]], leis an g[[an Chambóid|Cambóid]] agus le [[Murascaill Tonkin]]. Is í an [[Vítneaimis]] an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] náisiúnta. Is í [[Ha Noi]], i dtuaisceart na tíre, an phriomhchathair, ach is í [[Cathair Ho Chi Minh]] sa deisceart an chathair is mó sa tír.
 
Glactar leis go traidisiúnta go bhfuil cónaí ar mhuintir Vítneam sa tír le breis is ceithre mhíle bliain anuas, agus meastar gurb as an tSín a tháinig siad ar dtús. Bhí an limistéar faoi cheannas na Síne ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 939 bhain Vítneam neamhspleáchas amach. D'éirigh leo cosc a chur le hionradh na Mongólach, rud a threisigh leis an neamhspleáchas go mór nuair a bhí formhór na hÁise á chreachadh ag [[Geingeas Cán]] agus a shliocht. Leathnaigh a gcumhacht ó dheas agus chuir siad ríocht Champa agus an chuid ba mhó d'Impireacht na gCiméarach faoina smacht. Sa naoú haois déag tháinig na Francaigh agus chuir siad Vítneam agus a comharsana, an Chambóid agus Laos, faoina smacht. Ghabh na Seapánaigh seilbh ar an tír le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]].