An difríocht idir athruithe ar: "Duine"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 161 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5 (translate me)
m nasc
Líne 22:
Seasann daoine cruinn díreach, i riocht is go bhfuil na lámha saor le ruda a láimhsiú. Tá [[inchinn]] an-fhorbartha acu agus mar sin tá [[réasún]] teibí, [[caint]], agus [[inbhreithniú]] acu.
 
Is de thréithe iompraíochta na ndaoine go n-úsáideann siad [[Teanga (cumarsáid)|teanga]], go n-eagraítear i sochaithe aimhréiteacha iad, agus go bhforbraíonn siad [[teicneolaíocht]]. Maireann daoine i gcultúir gan chuntas lena lán [[creideamh|creidimh]], [[miotas|miotais]], [[deasghnáth]]a, [[luach]]anna, agus [[norm sóisialta|noirm shóisialta]].
 
Tugann a nádúr fiosrach agus inbhreathnitheach ar daoine iarraidh a thabhairt ar a [[comhfhios|gcomhfhios]] a míniú, agus tionscnaíonn sé téarmaí idir [[ábharachas|ábharaíocha]] agus [[spioradáltachas|spioradálta]] le cur síos ar an toisc dhaonna. Dar leis an chéad dearcadh, atá [[onteolaíocht|onteolaíoch]] nó [[meitifisic|meitifisiciúil]], nach bhfuil aon réaltacht ann ach amháin an ceann fisiciúil nó ábhartha. Cuireann an dara dearcadh treis ar taobh spioradálta nó neamhfhisiciúil sa bheatha, agus cuireann sé san áireamh uaireanta creideamh i [[Dia|nDia]] nó i ndéithe éagsúla agus creideamh go bhfuil [[anam]] ag daoine ach níl ag ainmhithe eile, idir creidimh eile. Is é an féinmhachnamh seo bun na [[fealsúnacht]]a agus tá sé i gcáipéisí stairiúla ó thosach aimsire.